Triúr laoch a chuamar do sheilg,
ar an leirg seo Shléibhe Cua;
dúisíodh againn damh donn
as Doire Donn miamhga nua.

A aithghin ní fhaca mé
ar an bhfraoch seo Shléibhe Cua
ar mhéid a’s iomad a bheann,
damh seang ag ithe an fhéir nua.

Ligeamar ár gcona leis –
thánamar d’iomhghoin a chnis –
a’s níor fostaíodh an fia
go ráinig Sliabh mongach Mis.

Mise ann a’s Oisín ard
a’s Caoilte ann ba mhaith rún;
nocha raibh ann den Féinn
ár gcomh-mhaithne féin de thriúr.

Fionn Mac Cumhaill

Le Stephen Reid in The High Deeds of Finn (1910) de chuid T. W. Rolleston’s

Fionn féin ag caint mar gheall ar a óige anseo, agus is sampla é den saghas litríocht sin liriciúlacht dhrámatúil de réir Breandán Ó Doibhlin in Manuail de Litríocht na Gaeilge Faisicil 1.

An chloch is mó ar phaidrín údair na ndán seo ná mothúcháin na gcarachtar a bhí iontu. Go minic féachann siad siar ar shaol ídéalach (atá ar ndóigh imithe), ach fós a nochtann meon agus dearcadh mhianta dhaoine na linne sin. Sa chás seo tá ceiliúradh againn ar an nádúr, ar neart agus aclaíocht an laoich, ar an gcoimhlint idir bun-fhórsaí. Agus tá an t-údar féin (agus a chuid comhghleacaithe) sáite i ngíomhartha an dáin – ní anailís fhuar loighciúil í seo – ina ionad sin déanann an t-údar soiléir dúinn gur trí scagadh a chomhfheasa féin a bhlasaimid an saol iontach anallód sin.

An dán rómánsach é? Níl aon dabht. Maoithneach? Cinnte. An dán é a cheiliúrann, gan náire, neart an duine? Is ea go deimhin. Ach i saol seo an t-aonú haois is fiche, tá ár ndóthain íoróine againn cheana, nach bhfuil? Nach mian leis an hipster is mó againn sos a ghlacadh amanta óna shíor-mheitea-maireachtáil? Nár mhian leis sult díreach simplí neamhúrchóideach a bhaint as fuinneamh ghníomhú an duine, duine mar Fhionn, agus trí Fhionn, an léitheoir féin?

Nach bhfuilimid bréan den ennui?