Siúl Carthanachta Mórshiúl Mhúscraí

Aon lá amháin, na trí chnoc is airde i nGaeltacht Mhúscraí, ag bailiú airgid ar son fondúireacht Jack and Jill
2021/06/05 09:00:00

FAOIN TURAS

Siúl Carthanachta ar son Jack and Jill

5 Meitheamh 2021

Deacracht: Crua!

Fad: 31km, 8 uair an chloig ar a laghad!

An chéad siúl oifigiúil an samhradh seo, shocraíomar rud éagsúil a dhéanamh – aon lá amháin, na trí chnoc is airde i nGaeltacht Mhúscraí, ceann amháin i ngach paróiste. Ag dul le dúshlán mar seo, ba cheart airgead a bhailiú do charthanacht fiúntach – agus níl mórán díobh níos fiúntaí na Fondúireacht Jack & Jill, a chuireann seirbhísí altranais ar fáil do leanaí suas go cúig bliana d’aois.

9am

Chéad chnoc an lae – tosnóimid ar Mhullach an Ois, an cnoc is airde i bParóiste Bhaile Bhúirne, ag 649 méadar.

Lón ag Cill na Martra

An tarna cnoc tá sé i bparóiste Chill na Martra, é suite gar do lár an tsráidbhaile féin. Áit sheoigh í seo leis chun greim bídh a ithe, agus aiféala a bheith orainn as an dúshlán mór seo a tharraingt orainn féin!

Maoileann

Ár gceann scríbe – Maoileann i bparóiste Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Ag 587m, beimid an-sásta an pointe triantánúil a shroicheadh ag an mbarr!

CEISTEANNA?

Déan teagmháil má tá aon cheisteanna agat.

+353 85 1447789

info@saoleile.com

    Name*

    Mail*

    Phone number*

    Additional info