EACHTRAÍ SAOL EILE

Déan nasc le saol eile i nGaeltacht Mhúscraí agus sa cheantar máguaird. Tá teanga, tírdhreach, agus seanchas anseo a thaispeánfadh duit an fíor-shaol!

Ceantar labhartha Gaeilge is ea Gaeltacht Mhúscraí, suite sna sléibhte ar imeall Iarthar Chorcaí. Áit lán leis an traidisiún beo, le stair, agus le cultúr, is anseo a d’aimseoidh tú fíor-bhrí an tsaoil. Déan ath-nascadh anseo sa cheantar draíochta seo.

Áit

Tá Gaeltacht Mhúscraí suite ar an mbealadh turasóireachta is mó taistil sa tír, gan ach 20 nóiméad ó Chill Airne, 50 nóiméad ó Chathair Chorcaí.

Bealaí Iontacha

Tírdhreach lán le cnoic, gleannta, cosáin sléibhte, agus fiántas – rud oiriúnach do gach leibhéal.

Sceideal

Eachtraí lae agus turasanna á reáchtáil againn Samhradh 2021 – bígí réidh!

Eispéaras leithleach

Anseo ag Saol Eile déanaimid níos mó ná rudaí a thaispeáint duit. Ina ionad sin déanann tú fíor-nascadh le saol níos doimhne ná do ghnáth-shaol, saol atá b’fhéidir dearmadta agat!

Bia Áitiúil

Tá cáil ar Iarthar Chorcaí as an mbia atá againn, agus tugaimid tacaíocht do sholáthróirí áitiúla bia nuair is féidir.

Treoraithe

Tá gach treoraí againn tiomanta díograiseach faoin gceantar agus faoina dhraíocht a chur trasna. Tá againn staraithe áitiúla, treoraithe sléibhte, oidí teanga, agus eile!

EACHTRAÍ FAOIN SPOTSOLAS

EACHTRAÍ 2021

Mórshiúl Mhúscraí

5 Meitheamh 2021

Slí Ghaeltacht go Baile Bhúirne

12 Meitheamh 2021

An Dá Chíoch

27 Meitheamh

Slí Ghaeltacht go Guagán

10 Iúil 2021

Gort na gCros

17 Iúil 2021

Timpeall Guagán ar na Cnoic

25 Meitheamh 2021

Slí Ghaeltacht 2 Lá

7 Lúnasa 2021

An Mhangarta (Siúl Sléibhte)

31 Iúil 2021

Siúl Maidine i nGuagán & Cadhcáil

14 Lúnasa 2021

Barr a Chuma

28 Lúnasa 2021

Corrán Tuathail

11 Meán Fómhair 2021

GAELTACHT MHÚSCRAÍ

Áit álainn sna cnoic in Iarthar Chorcaí, i nGaeltacht Mhúscraí táimid fíor-bhódúil as an stair, as an tírdhreach, agus as an teanga.

Ag teacht go Gaeltacht Mhúscraí glacann tú páirt i sruth smaointeachais a shíneann siar na mílte bliain. Déanann an teanga agus na traidisiúin bheo fíor-nasc le cultúr saibhir go hiomlán éagsúil ón gceanna sa domhan Béarla. Ba mhaith linn an draíocht seo a roinnt leat, trí eachtraí sa tírdhreach, agus le seanchas agus le teanga.

0
Nóiméad ó Chathair Chorcaí
0
Nóiméad ó Chill Airne
0
Cillméadar Cearnach
0
Blianta Lán le Stair!

CÉN FÁTH SAOL EILE?

Creidimid go láidir go bhfuil saol eile ar fáil anseo, agus sin a gcuirimid romhainn a thabhairt do chuairteoirí – fíor-eachtraí i ndomhan éagsúil ón gceann a bhíonn acu ó lá go lá.

Treoraithe Cáilithe

Tá cáilíocht ag gach duine de na treoraithe in ábhar a dhéanann eispéaras faoi leith i gceantar Mhúscraí – ina measc múineadh na Gaeilge, treoraíocht sléibhte, agus stair na gCeilteach.

Lóistín de Scoth

I gcomhpáirt leis an lóistín is fearr sa cheantar, faigheann tú ní amháin oíche bhreá codalta, ach leanann an eispéaras teanga agus cultúir ar feadh do thuras ar fad.

Tum-Eachtraí

Each of our adventures combine multiple dimensions – combining activity, history, art, and culture, and storytelling – to give you the most authentic connection possible.

Tá níos mó ná toise amháin ag gach eachtraí linn – meascann siad gníomhaíochtaí, stair, ealaíon, cultúr, agus seanchas – gach rud ann chun an nasc is doimhne a chruthú duit.

Nasc Buan

Cuirimid romhainn ní amháin eachtra a thabhairt duit, ach leis sin fíor-nasc le doimhneacht cultúir, tírdhreacha, agus teanga – nasc a bheidh leat le fada tar éis d’fhágail ón gceantar féin.

TIMPEALL AN CHEANTAIR

Pictiúir ón eachtraí a bhí againn go dtí seo!

DÉAN TEAGMHÁIL LINN!

Ceisteanna faoi na heactraí? Nó ar mhaith leat ceann a chur in áirithint? Déan teagmháil!

+353 85 1447789

info@saoleile.com

Baile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí

Áthas orainn cloisint uait, níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh…

    Name*

    Mail*

    Phone number*

    Your message