Saol Eile

Soitheach folamh is mó torann

Nuair a bhí mé óg…. le Fionn Mac Cumhaill

Triúr laoch a chuamar do sheilg,
ar an leirg seo Shléibhe Cua;
dúisíodh againn damh donn
as Doire Donn miamhga nua.

A aithghin ní fhaca mé
ar an bhfraoch seo Shléibhe Cua
ar mhéid a’s iomad a bheann,
damh seang ag ithe an fhéir nua.

Ligeamar ár gcona leis –
thánamar d’iomhghoin a chnis –
a’s níor fostaíodh an fia
go ráinig Sliabh mongach Mis.

Mise ann a’s Oisín ard
a’s Caoilte ann ba mhaith rún;
nocha raibh ann den Féinn
ár gcomh-mhaithne féin de thriúr.

Fionn Mac Cumhaill

Le Stephen Reid in The High Deeds of Finn (1910) de chuid T. W. Rolleston’s

Fionn féin ag caint mar gheall ar a óige anseo, agus is sampla é den saghas litríocht sin liriciúlacht dhrámatúil de réir Breandán Ó Doibhlin in Manuail de Litríocht na Gaeilge Faisicil 1.

An chloch is mó ar phaidrín údair na ndán seo ná mothúcháin na gcarachtar a bhí iontu. Go minic féachann siad siar ar shaol ídéalach (atá ar ndóigh imithe), ach fós a nochtann meon agus dearcadh mhianta dhaoine na linne sin. Sa chás seo tá ceiliúradh againn ar an nádúr, ar neart agus aclaíocht an laoich, ar an gcoimhlint idir bun-fhórsaí. Agus tá an t-údar féin (agus a chuid comhghleacaithe) sáite i ngíomhartha an dáin – ní anailís fhuar loighciúil í seo – ina ionad sin déanann an t-údar soiléir dúinn gur trí scagadh a chomhfheasa féin a bhlasaimid an saol iontach anallód sin.

An dán rómánsach é? Níl aon dabht. Maoithneach? Cinnte. An dán é a cheiliúrann, gan náire, neart an duine? Is ea go deimhin. Ach i saol seo an t-aonú haois is fiche, tá ár ndóthain íoróine againn cheana, nach bhfuil? Nach mian leis an hipster is mó againn sos a ghlacadh amanta óna shíor-mheitea-maireachtáil? Nár mhian leis sult díreach simplí neamhúrchóideach a bhaint as fuinneamh ghníomhú an duine, duine mar Fhionn, agus trí Fhionn, an léitheoir féin?

Nach bhfuilimid bréan den ennui?

Luach na nEalaíon

Tamaillín ó shin bhíos ag caint le healaíontóir na Gaeilge (nílim chun ainm a lua), agus bhí iarratas agam air – is é sin a chuid ealaíne a chur os comhair an phobail, saor in aisce, “ar son na cúise”, ar feadh lae. D’aontaigh sé, agus rinne sé an-jab dom, táim fíor-bhuíoch de agus faoi chomaoin mhór aige.

Ag an am céanna, níor chuir sé fiacal ann ach go gcaithfidh lucht na Gaeilge luach mar is ceart a chur ar a gcuid teanga agus ar a gcuid ealaíón, agus luach airgid a chur air an rud céanna. I bhfocail eile, ba cheart dom íoc as a chuid ama.

Tuigim dó. Ag an am céanna, ní raibh éinne ag íoc as mo chuidse am chun an léiriú a dhéanamh – a mhailairt ar fad a bhí i gceist, agus airgead á chailliúint agam bliain i ndiaidh bliana an rud seo a chur ar siúl. Ach fós, tuigaim dó – ní fiú teanga gan ealaín measaim, agus ní féidir ealaín a chur ar bun gan luach mar mar is ceart a chur air.

Ní fear na n-ealaíon mé – ach ag an am céanna bainim úsáid as na buanna atá agam, más suarach féin iad, ar son na cúise. An ceart d’ealaíontóirí an rud céanna a dhéanamh leis na buanna atá acusan? Ar thaobh eile den scéal, nílimse ag iarraidh slí bheatha a dhéanamh as na buanna sin, rud a bheadh á dhéanamh ag ealaíontóir de smior. Freagraí ar chartaí poist le bhur dtiol.

Imbolc ar an ród ag an Electric Picnic arís i mbliana

Tá cuireadh faighte agamsa agus ag Bernice Imbolc a thabhairt chuig an Electric Picnic arís i mbliana. Onóir mhór dúinn ról beag a bheith againn sa Phuball Gaeilge, agus is mór atáimid go léir faoi chomaoin Rossa, Dhónail, Fheargail, agus gach duine eile a chuireann an puball le chéile.

Admhaím go dtugann sé ardú anama dom go pearsanta a bheith páirteach i rud mar seo le Gaeilgeoirí eile – uaireanta éiríonn saol an Ghaeilgeora uaigneach go leor (rud nach bpléitear minic a dhóthain measaim), agus is inspioráid dúinn féin é bualadh le díograiseoirí a bhfuil i bhfad níos mó taithí, fuinnimh, is smaointe acu ná atá againn féin! Mar a tharlaíonn sé táim díreach tar éis an fón a chur síos i ndiaidh comhrá le Rossa, inar thug sé comhairle den chéad scoth liom maidir leis an ócáid – tá daoine mar é gann go leor sa saol seo…

íomhá ó nos.ie

Cnocadóireacht ar an Mangarta

Go hiondúil nuair a smaoinín ar an Mangarta, is é an fealsamh John Moriarty a ritheann liom. Ach inniu chuaigh mise féin agus mo mhac Dáire ag cnocadóireacht uirthi, eachtra iontach don bheirt againn. Tá sé éasca a thuiscint an inspioráid a thug an cnoc seo do John ar feadh na mblianta.

Ní raibh cnoc chomh hard leí dreaptha ag Dáire cheana – ba é an Torc an ceann ba mhó a bhí déanta aige go dtí seo. Níl sé ach seacht mbliana d’aois, ach taobh amuigh d’achar gearr amháin, stad nár staon níor dhein sé go dtí raibh sé thuas ag an ‘babhla’, an com sin ar a dtugtar “The Devil’s Punchbowl” sa teanga eile.

Bhí an ceo thíos ag an airde sin, agus an ghaoth láidir, ach cé nach raibh radharc ar bith ann is mó an sásamh fós a bhain sé as a bheith ‘sna scamaill’ agus na teannóga bána ceo ag sciobadh tharainn. An chéad uair eile a rachaidh sé go barr an chnoic gheobhaidh sé geit nuair a fheicfidh sé a bhfuil ann.

Le ceathrar clainne bíonn sé deacair an aird chuí a thabhairt do gach éinne acu, agus tá géar-ghá le laethanta mar seo, ní amháin ó mo mhac, uaim féin chomh maith.

Na Ceiltigh i gCragán Eoin

Bhíos anseo ar thuras scoile bunscoile na blianta fada ó shin, agus é dearmadta agam a fheabhas is a tá an áit seo. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil níos mó cáile air i measc turasóirí Éireannacha, ach b’fhiú cuairt a thabhairt ar Chragán Eoin má tá suim agat i stair na hÉireann in aon chor.

Tá túrtheach ann, a tógadh sa 16ú haois, ach is é sin an rud is nua atá le feiceáil. Tá atógáil crannóige ann, agus atógáil cathrach in éineacht leis. Lean ar aghaidh ar an gcosán chun séadchomharthaí éagsúla seandálaíochta a fheiceáil, maraon leis an mbád inar thrasnaigh Tim Severin an tAtlantach sna 70í.

Ag ba é an rud ab fhearr liom ann ná an chathair Iarannaoise a rinneadh atógáil uirthi, le tithe ceanntuí istigh inti mar a bhíodh i gceist fadó. Is iomaí cathracha atá feicthe agam ag taisteal na tíre dom, ach is rud éagsúil ar fad é an ceann seo a fheiceáil faoi lánseol, mar dhea. Is léargas nua é ar na fothraigh éagsúla atá suite anseo is ansúid i Múscraí agus in áiteanna eile, agus cuireann sé beocht sna ciorcail mhóra chloiche sin.

Powered by WordPress & Theme by Anders Norén